Tuarascáil Speisialta 68 – Pinsin Rialtais Láir
Foilsithe 22 Deireadh Fómhair 2009
Tá scrúdú déanta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar phinsin seirbhíse poiblí. Le torthaí an scrúdaithe, cuireadh meastachán ar fáil ar dhliteanas fabhraithe pinsean na seirbhíse poiblí i ndáil le foireann na seirbhíse poiblí, tuarthaí sreafa airgid pinsin thar na chéad 50 bliain eile, agus an costas a bhaineann le leasanna aoisliúntais a chur ar fáil do chatagóirí éagsúla fostaithe seirbhíse poiblí i dtéarmaí a gcostas párolla. Tugadh aghaidh sa scrúdú chomh maith ar shocruithe riaracháin, maoinithe agus cuntasaíochta le haghaidh pinsin seirbhíseach poiblí.